The Gloaming - Necklace of Wrens 歌词

I mo bhuachaill óg, fadó fadó,
d'aimsíos nead.
Bhí na gearrcaigh clúmhtha, fásta,
is iad ag scread.
D'éirigh siad - is thuirling
arís ar m'ucht
Ormsa bhí muince clúimh
sa mhóinéar fliuch.
Níor dhuine mé ach géag crainn
nó carn cloch
ach bhí iontas crua nár bhraith siad
ag bualadh faoi m'ucht.
B'in an lá ar thuirling ceird
a éilíonn ómós:
is d'fhág a n-ingne forba orm
nár leigheasadh fós.
这个歌词已经 341 次被阅读了