Ar meisce cha dtéI'm níos mó
Braon leanna go deo ní bhlaisfidh mé
Ó chaill mé mo chailín beag óg
A chuireadh I mo phócaí an t-airgead
Is fada liom uaim í, uaim í
Is fada liom uaim í ó d'imigh sí
Is fada liom thíos agus thuas í
Molly na gcuach ní chuilleanáin
Dhéanfaidh mé tigh ar an ard
Is beidh ceithre ba bainne breaca agam
Ní ligfidh mé 'n duine dá gcomhair
Go dtiocfadh moll óg ní chuilleanáin
Dá mbeinnse I ndeacair an bháis
Is na daoine a rá nach dtiocfainn as
Ní dhéanfainn mo thiomna go brách
Go dtiocfadh moll bhán ní chuilleanáin
Bhí mise lá ar an choill
Is tharla dom soilse bhrádóige
Dhéanfadh sí marbhán beo
Nó buachaill deas óg den tseanduine
Is fada liom thíos agus thuas í
Molly na gcuach ní chuilleanáin
This lyrics has been read 315 times.